Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 314

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 314

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 314
  3. XML “Seantóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. San tsean-aimsear ní ró-fhada o shion bhí seantóir ag gach roilig. Níl sé ró-shimplidhe chun é do mhinuí agus níl fhios agam i gceart cé'n fáth go raibh sé mar sin.
    Is dóigh liom anois san am sin bhí lán piseóg ag muinntir na háite seo agus nuair a bhí an scéal mar sin bhí eagla ortha duine do mharbhúghadh. Agus d'réir mar adubhairt mé ar dtúis sa a gcuirfidís aon duine san uaigh chaithfidís an seantóir do theasbáint. Bhí seantóir ag gach roilig agus is é an áit in a bhfuil an seanntóir ag Cillinocomóg ná Cúrlom míle síar o thuaidh de.
    Neidín:- páircín an tsúip in-aice Bainntraighe agus tá ceann fuinnseóga ag fás innte anoIlis.
    Teainpuillín fiacha-- tá an seantóir na háite seo san roilig atá leath míle thíar o'n mBeanntraighe. Tá seantóir ag gharrdha Mhurchadha i bpáircín Dónail i nDúnmaonmuighe acht níor airigheas ríamh cá raibh an seantóir ag Roilig Beanntraighe.
    Caithfidh tú [fadó?] a thabhairt leat o'n na haiteannaibh seo ar dtúir sar a leogfaidís duit an corp do chur san uaigh. Tamall o shion fuair Muirtughdeach Óg bás i mBárlín agus do thugadar na fóid leó go Cillmocomóg. Níor airigheas fós ina dhein éinne é mór-thimcheall na háite seo é. Deineann síad an rud san fós i Insegéimhleac leath-míle o'n roilig. Tá an nós seo ag fágail báis go tapaidh acht deineann na sean-theaglaigh é sin fós mór-thimcheall na háite seo. Thógadar an fód leo fós ag leanadh an sean-nós. Tá sean-ráidhte mór thimcheall na h-áite seo sé sin "díolfad ar an bfód thú" agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge