School: Scoil N. Mocomóg

Location:
Cappaboy More, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 245
  3. XML “Cnocán a' Rince”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Céim an Fhia”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Timcheall ochtmhógadh blíain o shion do bhí Liam Scot 'na cómhnuidhe in Insi-Ruadh. Ba ó Cil Mhuire é ar dtúis sus an tráthnóna do d'fág sé Insí-Ruadh treis tuitim na hoidhce go dul soir go Cil Mhuire agus tháinig sé ar ais airís roimh breachach an lae.
    Ar teornainn a fheirme féim do chonnaich sé bean 'na suidhe sa mbeárnainn roimis agus ní leigfeadh sí do dul tairsti. Chuaidh sé go bearnain eile agus bhí sí ann [roinnis?] d'ainmnig sí conndae éigin a bhfad síos amach. Agus iarraimse ort-sa "rounds" a dheanamh dom i mBaile Múirne agus bead saor ó Phurgadoireacht ann san''.
    "Agus" ar seisean "nach bhfuil daoine muinnteardha éigin agat féin seachas beith ag teacht chúgham-sa, fear bocht go bhfuil mo dhóithin le deanamh agam cheann féin".
    "Tá" ar seise, "ach cém mhaith dhom mé féin a theasbáint dóibh san mar is amhlaidh a thuitfidís i laige rómham ach tá fhios agam gur fear gan eagla tusa".
    Do chuaidh sí go bog is go cruaidh air agus ar deire do ghéill sé dí agus dúbhairt sé go ndeanfadh sé an "rounds" dí. Gheall sí dhó nach bhfeicfeadh sé aon lá bocht ón lá san amae agus dob fhíor di. D'imthig sé annsan mar a shlogfadh an talain í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Céim an fhiaidh
    Bhí trúir fear ag dul go Corcaigh fadó le capaill agus sróthair fhada agus b'ón taobh thiar de Beanntraighe íad. Bhí an oidhche acu agus iad ag dul soir, Céim an Fhiaidh. Ar ab
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.