School: Scoil N. Mocomóg

Location:
Cappaboy More, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 244

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 244

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 244
  3. XML “An Cróchnaid”
  4. XML “Cnocán a' Rince”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní fhios agam i gCeart cathain a chítí an crochnaid seo. Do tuith sé amach an oidhche sar a bhfuair máthair Mike Rínn bás. "Mo bhean féin" adeir Seán list agus driofúr Jamsey Cróinín a chonnaich é. Do chonnachadar ó díreach roimh luighe na gréine. Bí lán capall íallaite ann agus mná ar chúlóga aca agus ceathrar fear fuithi. Do dheinidís athrú gach cúpla noimeat agus do thagadh ceathrar nuadh isteach. Ar bhárr na h-aille móire an aghaid na scoile amach a d'imthigheadar agus soir an laig fé bhun clais an aifreann. Bhí an sochraid cómh mór san go rabhadar uair a chluig ag faire uirthi. Is é mo thuairm go timcheall aonach Lúghnasa a tharla sí i mbliáin 1904.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
  2. Timcheall míle go leith ar an dtaobh teas den gCeapach Buidhe.
    Bhí fear an áit seo ag teacht abhaile ó Dúnmhámhuighe oidhche amháin fadó. An cómhgar aníos thar Cnochán a'Rinnce seadh bhí sé nach mór ar an mbárr do tiomáineadh síar síos airís ar an mbóthar é. Trí h-uaire in Dhiadh a chéile do tháinig sé go bárr ach do cuireadh síos go bóthaf Cuasán airís é. Ní fheadfadh sé aon rud d'fheiscint ach do bhí mar a bheadh rud éigin ag brughadh ar a ucht. Tháinig eagla air agus d'eirigh sé an-uaigneach agus sa deire d'imtigh sé leis an bóthar síar agus timcheall Catair Muichidhe síos.
    Bhí sé ag suibhal leis go bréagh bog that an scoil síos i gCeapac Buidhe nuar a chuala sé an gleó go léir ag teacht 'na choinnibh agus do chonnaich sé mar a bheadh sochraid ann. Do dhruid sé isteach ar leattaoibh uaith agus chonnaich sé go raibh sochraid an-mhór an-bhréag ar fad ann agus cóislí ann ná feacha sé in an áit ríamh [roimhs?] sin.
    Nuair a chuaidh sé abhaile d'innis sé an scéal dá mhnaoí agus dubhairt sé nárnh aon cóistí ó Beanntraighe pé áit as a dtángadar. An lá 'na dhiad sin do chuadar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish