School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar aghaidh an chaisleáin," adeir sí. "Chaill do sean-máthair fáinne ann fadó agus níl duine dá ndeacha ar a lorg a facthas beó nó marbh." - "Go maith" adeir sé. Chuaidh sé go dtí an crann. - "Léim anuas" adeir sé, "tá obair chruaidh le deanamh agad indiu."
"Go deimhin níl faitchíos ar bith agam roimh do chuid oibre" adeir an buachaill. D'innis an Ridire do céard a bhí le déanamh aige.
Bhí an buachaill ag smaoineadh agus é ag breathnú sios ins an tobar agus cheap sé go raibh sé thrí lasadh an t-am a tháinic inghean an R. go dtí é.
D'innis sé an sgéal di. Tháinic faitchíos uirthi. - "Is doiligh an rud é sin ach déanfa me mo dhícheall duit," adeir sí leis. D'eirigh de chomhthrom talamhna agus chuaidh de léim ins an tobar. Ba ghearr go raibh lasrachaí ag dul ins an aer. Taréis tamaill tháinic sí is an fáinne aici. - "Anois ná tabhair é sin dom' athair," adeir sí. "Abair gur oibrigh tú féin ró-chruaidh air."
Chuaidh an buachaill ag (chuig) a' ridire agus theasbáin an fáinne dhó. "Go raibh maith agad," adeir sé, ag síneadh a láimhe chun an fháinne. D'oibrigh mise ró-chruaidh lena thabhairt duitse adeir an buachaill "ach sgaoil in mo bhealach mé anois go beó."
Ar maidin lár na bháireach dimtigh leis ag triall abhaile ach ní leigfeadh sé [an Ridire] an mac leis. Bhí cluiche ar bun ag rí mór eile agus fuair an ridire is a chlann cuireadh chun an chluiche. Bhí mac an(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 11
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway
- Informant
- Pádraig ac Thuathaláin
- Gender
- Male
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway
- Informant
- Seán Seosamh Ó Cúláin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway