School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
![The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0413](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0413.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0413
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a iarrfas tú.
"Tá go maith," adeir Páidín, "tá mé ag iarraidh an chéad duine a bhéarfas ar m'ord a lámha greamú dhó agus an t-ord greamú do na h-iniúin agus é chongbhál ann nó go dtogróchaidh mise é a leigint as greim agus gan mo bhean a bheith i n-ann an sparán osgailt nó go dtogróchaidh mise é a leigint as greim agus an té a bheadh na shuidhe ar mo chathaoir a thóin greamú gon [do'n] chathaoir agus an chathaoir greamú gon talamh." "Bhfuighe tú sin agus fáilte" adeir an diabhal.
Ar maidin lár na bhárach tháinig na buachaillí go dtí Páidín mar ba ghnáthach agus rug duine aca ar an ord agus thosuigh ag mille an iarainn ar Pháidín. Dubhairt Páidín leis an t-ord a leagann uaidh agus ní leagadh an buachaill uaidh é. Annsin dubhairt Páidín leis an ord greamú de na h-iniúin. Ghreamadar go léir amhlaidh mar a dubhairt Páidín agus thosuigh an buachaill ag sgreadach agus faoi cheann tamaill leig Páidín as greim é. Nuair a tháinig sé abhaile tráthnóna bhí duine i n-a shuidhe i-n-a chathaoir agus nuair a dubhairt Páidín leis an chathaoir fhágail ní fhágfadh sé í. Annsin dubhairt Páidín a thóin greamú gon chathaoir agus an chathaoir greamú gon talamh. Rinneadh amhlaidh agus thosuigh fear na cathaorach ag sgreadach agus faoi cheann tamaill leig Páidín chun bealaigh é. Agus nuair a shíl a bhean an t-airgead a thóigeál as an sparán ní fhéadfadh sí é do bhaint as ná oiread 's leithphighinn.(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway