Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0412

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0412

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0412
  3. XML “Ridire na gCleas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar aghaidh an chaisleáin," adeir sí. "Chaill do sean-máthair fáinne ann fadó agus níl duine dá ndeacha ar a lorg a facthas beó nó marbh." - "Go maith" adeir sé. Chuaidh sé go dtí an crann. - "Léim anuas" adeir sé, "tá obair chruaidh le deanamh agad indiu."
    "Go deimhin níl faitchíos ar bith agam roimh do chuid oibre" adeir an buachaill. D'innis an Ridire do céard a bhí le déanamh aige.
    Bhí an buachaill ag smaoineadh agus é ag breathnú sios ins an tobar agus cheap sé go raibh sé thrí lasadh an t-am a tháinic inghean an R. go dtí é.
    D'innis sé an sgéal di. Tháinic faitchíos uirthi. - "Is doiligh an rud é sin ach déanfa me mo dhícheall duit," adeir sí leis. D'eirigh de chomhthrom talamhna agus chuaidh de léim ins an tobar. Ba ghearr go raibh lasrachaí ag dul ins an aer. Taréis tamaill tháinic sí is an fáinne aici. - "Anois ná tabhair é sin dom' athair," adeir sí. "Abair gur oibrigh tú féin ró-chruaidh air."
    Chuaidh an buachaill ag (chuig) a' ridire agus theasbáin an fáinne dhó. "Go raibh maith agad," adeir sé, ag síneadh a láimhe chun an fháinne. D'oibrigh mise ró-chruaidh lena thabhairt duitse adeir an buachaill "ach sgaoil in mo bhealach mé anois go beó."
    Ar maidin lár na bháireach dimtigh leis ag triall abhaile ach ní leigfeadh sé [an Ridire] an mac leis. Bhí cluiche ar bun ag rí mór eile agus fuair an ridire is a chlann cuireadh chun an chluiche. Bhí mac an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig ac Thuathaláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Seosamh Ó Cúláin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe