School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0293
  3. XML “An Sonas i nDiaidh na Simplíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhfuil siad féin beo. Nuair a bhéas sin déanta beidh cead mo choise agam-sa. Anois tá dhá phota óir faoi'n teinteán sin thall agus bain iad. Tabhair ceann aca do'n rígh agus coinnigh an ceann eile thú fhéin. Gheobhaidh tú bratach buird freisin faoi cheann aca agus coinnigh dhuit fhéin é."
    Leis sin d'imthigh an corpán agus ní fhaca an feilméar uaidh sin amach é.Chuaidh sé a chodladh annsin agus chodail sé go sámh sásta go maidin. Ní raibh sé i bhfad i na dhúiseacht ar maidin gur airigh sé torann cos fear taobh amuigh. D'éirigh sé agus chuir sé air agus d'osgail sé an doras agus chonnaic sé an rí agus cupla duine éile taobh amuigh, agus oirnéis aca. D'fhiafruigh sé dhíobh céard lé h-aghaidh an oirnéis. "Le thusa a chur" adeir an rí "mar cheap muid gur marbh a bheitheá, acht cá bhfuil an duine éile a bhí i n-éindigh leat." "Níl fhios
    agam-sa cá bhfuil sé" adeir an feiliméar, "agus is cuma liom freisin acht chuaidh sé siar tríd an díon i n-a phúir dheataighe."
    Annsin d'innis sé do'n rígh gach ar thárla dhó agus a bhfaca sé i gcaitheamh na h-oidhche. Thug an rí dhó annsin gach ar gheall sé dhó agus an pota óir agus an bratach buird.
    D'imthigh leis an bhfeiliméara annsin agus thug aghaidh ar an mbaile go sonasach sásta. Ar an mbealach casadh dhó tincéar agus d'iarr an tincéar rud éigin lé n-ithe air. "Gheobhaidh tú sin agus fáilte" adeir an feiliméara agus sgar sé amach an brat agus d'iarr sé biadh. Tháinic chuile chineál beatha ar an mbrat ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Informant
    Tadhg Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    30
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway