Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfuil siad féin beo. Nuair a bhéas sin déanta beidh cead mo choise agam-sa. Anois tá dhá phota óir faoi'n teinteán sin thall agus bain iad. Tabhair ceann aca do'n rígh agus coinnigh an ceann eile thú fhéin. Gheobhaidh tú bratach buird freisin faoi cheann aca agus coinnigh dhuit fhéin é."
Leis sin d'imthigh an corpán agus ní fhaca an feilméar uaidh sin amach é.Chuaidh sé a chodladh annsin agus chodail sé go sámh sásta go maidin. Ní raibh sé i bhfad i na dhúiseacht ar maidin gur airigh sé torann cos fear taobh amuigh. D'éirigh sé agus chuir sé air agus d'osgail sé an doras agus chonnaic sé an rí agus cupla duine éile taobh amuigh, agus oirnéis aca. D'fhiafruigh sé dhíobh céard lé h-aghaidh an oirnéis. "Le thusa a chur" adeir an rí "mar cheap muid gur marbh a bheitheá, acht cá bhfuil an duine éile a bhí i n-éindigh leat." "Níl fhios
agam-sa cá bhfuil sé" adeir an feiliméar, "agus is cuma liom freisin acht chuaidh sé siar tríd an díon i n-a phúir dheataighe."
Annsin d'innis sé do'n rígh gach ar thárla dhó agus a bhfaca sé i gcaitheamh na h-oidhche. Thug an rí dhó annsin gach ar gheall sé dhó agus an pota óir agus an bratach buird.
D'imthigh leis an bhfeiliméara annsin agus thug aghaidh ar an mbaile go sonasach sásta. Ar an mbealach casadh dhó tincéar agus d'iarr an tincéar rud éigin lé n-ithe air. "Gheobhaidh tú sin agus fáilte" adeir an feiliméara agus sgar sé amach an brat agus d'iarr sé biadh. Tháinic chuile chineál beatha ar an mbrat ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe