Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an tríomhadh ceann níor thug sé ar ach briseadh beag agus an ceathrú ceann ní dhearna sé dada air. Sgaoil sé amach an chéad choinín. Rith na fir a bhí indiaidh an chéachta na dhiaidh agus níor thug sé i bhfad iad nó gur rug siad air. Sgaoil sé amach an dara coinín agus thug sé níos fuide iad. Sgaoil sé amach an tríomhadh ceann agus thug seisean píosa maith iad. Sgaoil sé amach an ceathrú ceann. Bhí siad a' ritheacht 'na dhiaidh sin go dtáinic grian i dtalamh, agus níor rug siad air. Bhí siad ag coinneál súil ar an gcapall bán i gcomhnaidhe mar ní thiubhraidís ar rud ar bith í. Nuair a fuair an buachaill imthíghthe iad chuir sé an bhráithlín ar an gcapall dubh agus shíl na daoine gurab í an capall bán a bhí ann. Nuair a bhí an méid sin déanta aige sgaoil sé anuas an capall bán agus thug sé leis í agus bhí sé na ghaduighe críochnuighthe uaidh sin amach. Tá an sgéal seo nó leagan de i mBéarla ag Jer Riordan, Áthchaisle, Caisleán Ghriaghaire, Co. Chiarraidhe. Togha seanchaidhe Jer. Ag seo cuid de na sgéalta atá aige:- "Jack And His Bottle Of Wine", leagan Béarla de'n "Chailleach Sa gCófra", "Tomáisín The Hundred Killer", "Squeeze Rib" :- sgéal a bhfuil triúr driothár ann, cáca beag agus beannacht srl. Tá Jer ós cionn trí sgór bl. d'aois anois. TÓS.
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Cearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Tuathail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Seoladh
- Na hAille, Co. Galway