School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Teacher:
(ní thugtar ainm)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 355

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 355

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 355
  3. XML “An Leipreachán nó an Mhaighdean Mhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chuige agus í ar chrith le heagla. Labhair sí leis agus chuir sé amach a lámh chun fáilte a chur roimh an mnaoi agus séard a bhí ar an lamh ná "láimhín" (glove). Rug sise air agus sgriob sí léithe é is rith thar nais chun an tighe. Ní fhaca sí an firín beag as sin amach.
    Tamall in a dhiaidh sin bhí a mac a' dul thar an abhainn agus d'éirigh tuile ann agus scuab an tuile an fear leis. Bhí sé a' dul síos agus síos agus nuair a bhí sé beagnach báidhte labhair guth éigin os árd "Cá bhfuil an láimhín? Is dócha gurab é an leipreachán a dubhairt na focla sin - níl a fhios ag éinne.

    Níl aon Mhaigdean Mara thart annseo ach deirtear go bhfuil ceann i mBundobhráin, Co. Dún na nGall. Ceann cailín atá uirthi agus gruaig bhreagh dhonn nó dath an óir agus é go deas catach. Tá earball an éisg uirthi agus is minic a chonnaic na turasóirí í a' snámh ar bhárr an uisge. Is droch-chomhartha í a fheicéal. Má chítear í báidhfear duine gan mhoill. Chonnacthas í cúpla bliadhain ó shoin agus in a dhiaidh sin báthadh duine. Tá amhrán a chum Sean Sheeran fé fear a bhí i mBundobhráin ar a laethe saoire agus chonnaic sé cailín amuigh san bhfairrge - cheap sé féin. Amach leis agus nuair a bhí sé leath bhealaigh amuigh san uisge báthadh é. Fuarathas amach in a dhiaidh sin nach cailín a chonnaic sé in aon chor ac an Mhaighdean Mara. Cheap seisean gur cailín a bhí ann in gheall ar a cuid gruaige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. leipreacháin (~1,007)
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Informant
    Padraig Mac Samhráin
    Gender
    Male
    Address
    Carrick West, Co. an Chabháin