School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 287
- XML “Bóithre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo ainmneacha an mbóithre atá sa cheanntar seo - Bóthar Blaclion atá ag rith ón sráidbhaile Blaclion go dtí GleannGaibhleann. Deineadh é sa bhliadhain 1879.Bóthar Damhsrath a deineadh sa bhliadhain 1846 nuair a bhí An Ghorta sa cheanntar. Ní raibh ach cúpla fear ag obair air agus sé an phágh a bhíodh le fághail aca ná deich bpinghne in aghaidh an lae.Bóthar Bhéalbhealaigh atá ag rith go dtí Baile an Chabháin. Deineadh an bóthar sin sa bhliadhain 1846 agus '47 agus bhíodh an phágh céadna ag na hoibrightheoirí is a bhíodh ag an lucht oibre ar bhóthar Damhsrath.Bóthar an Charraig. Géág den bhótha ó Damhsrath go Béalbealaigh seadh an bóthar sin.Bóthar Moneensamhrain. Géag de bhóthar an Charraig go Béalbealaigh seadh an bóthar sin. Sé an Tighearna Angley a thug an tairgead chun an bóthair sin a dhéanamh.Bóthar Chorrabha. Géag den bhóthair ó Damhsrath go Blacklion seadh an bóthar sin agus is breagh an aithghiorra é.
Tá an bóthar is sine ag rith tré Gleanngaibhleann. Tosnuigheann sé i mBaile Gub, Derrylahan, Moneycashel, Fear Monach, Garrison agus annsin go dtí Bundobhráin Co. Dún na nGall. Tá sé ag rith tríd an Bearna Mór(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Bríghid Ní Siordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan