School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 267

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 267

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 267
  3. XML “Bréagáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó do deineadh bréagáin agus deintear fós iad. Déanann na buachaillí crainn tabhaill, bogha agus saighead, painntéir, gunnaí as luibheanna áirithe ar a dtugtar "scout-guns", agus topaí
    Sé nídh é an crann tabhaill ná píosa leathair agus córda ins an dhá thaobh de. Cuirtear cloch ar an leathar agus castar an córda timcheall ar an chéad mhéar. Annsin castar anonn is anall é agus leigtear do phíosa amháin den córda tuitim as an láimh. Annsin téigheann an cloch achar fada ón leathar.
    Sé an chaoi a deintear na bogha agus na saighead ná baintear slat. Deintear é a iompódh síos. Annsin greamuightear córda do gach taobh den slait. Gheibhtear slat bheag eile agus cuirtear ar an gcórda é. Tarraingtear an córda agus imthigheann an slat.
    Sé an chaoi a deintear an painntéir ná. Gheibhtear giota de shreang tanaidhe agus socruightear é le lúb. Cuirtear taobh amuigh de pholl an choinín é is é greamuighthe sa talamh. Nuair a thagann an coinín amach in gan fhios dó cuireann sé a cheann isteach sa pholl agus bíonn an córda ag éirghe níos daingne agus annsin márbhuightear an tainmhidhe bocht ar an noiméat.

    Topaí. Gheibhtear spól agus déantar é a ghearradh in a dhá leith. Cuirtear píosa de chipín isteach i leath amháin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
          1. toys (~1,598)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Aodh Mac Siordan
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Carrick West, Co. Cavan