School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó ní raibh aon dochtúirí le fághail ag na daoine agus dá bhithín sin bhí ortha aire a thabhairt do ghonta agus a leithéidí. Bhíodh leigheas aca do gach aon galar. Bhí leigheas aca don bruitíneach, don leicneach, agus don Triuch. Dia Luain agus Diardaoin a dheinidís na leigheasanna. Seo é an leigheas i gcóir an bhruitíneach.Chuiridís síos bainne agus nuair a bhíodh sé ar fuichadh cuireadh siad neanntóga isteach ann agus dfhagaidís ar an tine go ceann thamaillín. Annsin bhaineadh siad na neanntóga as an bhainne le sgagaire agus d'óladh an duine a bhí tinn an bainne sin san oidhche don leicneach. Gheibheadh siad im gan salann agus taréis a lán paidreacha a rádh ós a chionn chuiridís an tim air. Uaireannta chuiridís píosa córda timcheall an leinbh agus bhíodh ar an leanbh siubhal timcheall cró na muc trí huaire agus bhíodh paidreacha a rádh aige. Dhéarfadh na sean daoine gur mhaith an nídh é dul amach fé asal dubh trí huaire agus freisin gur mhaith an nídh é dul timcheall cró na muc gan cuimhneamh ar iarball an tsionnaigh ach níl ann ach sgéal.Bhí leigheas aca don Bhuinne (The Rose) freisin. Bhíodh ar an duine a mbíodh An Bhuinne air agus beirt eile den líon-tighe ceadna dul go dtí poll portaigh agus deich gcinnn de chlocha beaga glasa d'fhághail. Sheasadh an duine tinn idir an mbeirt eile. Chaitheadh duine(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Tomás Mac Siordan
- Gender
- Male
- Address
- Moneensauran, Co. Cavan