School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 325
- XML “Cluiche Peile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tráth amháin bhí cluiche dubhshláin in mo cheanntar. Toghadh an bheirt fhear a b'fhearr i gCillineach agus an bheirt fhear a b'fhearr in Gleann-Gaibhleann. Bhí ar an mbeirt as Cillineach an liathróid a ciacáil ( a chosadh) ó lár Gleann-Gaibhleann go paroiste Cillinach, agus bhí ar an mbeirt as Gleann-Gaibhleann an liathróid a chosadh ó Gleann-Gaibhleann go teorann Liathdroma. An bheirt go mbéadh an bhuaidh aca bhéadh galún fuisge le fághail aca. Tháinig an lá mór agus bhí na sluaighte daoine bailighthe ar an bpáirc féacaint cé aca a bhéadh an bhuaidh. Theip ar an mbeirt as Cillineach a gcuid den chluiche a imirt agus deire an lae bhí an galún fuisge le fághail ag an mbeirt fhear as Gleann-Gaibhleann - Peadar Mac Samhráin agus Tomás Mac Samhráin as Moneensamhráin, Gleann-Gaibhleann. Is annsin a bhí an ruaille buaille mar cheap gach éinne den lucht féachána go mbéadh an bhuaidh ag muinntir Cillineach agus bhí siad go léir a' súil le deoch maith fuisge an tráthnóna sin. Ach sé a mhalairt de rud a thárla an lá sin. Bhí deoch breagh ag an mbeirt as Moneensamhráin agus bhailigh a gcáirde isteach dteacha in éinfeacht leo chun an tráthnóna a chaitheamh leo. Is dócha go raibh uisge ag teacht ó fhiacla lucht feachána Cillineach agus iad ag filleadh abhaile agus muinntir Gleann-Gaibhleann go háthasach ag ól dighe i seomra leathan(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Padraig Mac Samhráin
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. Cavan