School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 247

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 247

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 247
  3. XML “Drochaimsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar an dára lá déág de mhí Eanair 1839 bhí stoirm uathbhásach ann, agus tugtar " Oidhche na Gaoithe Móire " air fós. Oidhche ionghanthach gaothmhar a bhí ann. Leagadh tighthe agus annsin rinneadh obair do na saoir. Réábadh na crainte, leagadh stacaí coirce agus is beag nach bhfuair cuile dhuine bás ag iarraidh an féár a shabháil. Bhí teach in Derrylahan agus baineadh an díon de. Cheap na daoine ar maidin go raibh an fear agus a bhean agus na páistí marbh, ach nuair a chuaidh siad go dtí an teach fuaireadar iad go léir chomh téagartha le luchóga agus staca coirce. Stipháin Mac Samhráin a b'ainm don fhear.

    Bhí stoirm eile ann ar an dára lá deag de mhí Bealtaine in aimsear Ceannach na Talmhan. Bhí m'uncail ag innseacht dom go raibh air dul treasna " Carraig na Mada " is é suas go dtí a chom san sneachta ar lorg a chuid caorach. Chaill sé triocha ceann de chaoirigh ins an sneachta agus an méid céádna de uain óga. Is beag nach bhfuair sé bás leis an bhfuacht agus tá sé in a bheathaidh fós is é os cionn ceithre fichid bhliadhain d'aois. Dubhairt sé liom go raibh an sneachta ar na sléibthe nuair a bhí na daoine ag sábháil na móna ar an 22adh lá de mhí Mheithimh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan