School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 359

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 359

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 359
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó nuair a bhí na saoir a' tógáil balla in aice le Luimneach san áit a théigheann an tSionainn isteach sa bhfairrge, an méid a thógfadh siad i rith a' lae bhíodh sé leagtha ar maidin. Thárla an rud sin go ceann sé lá agus an lá sin dubhairt na fir go gcuirfeadh siad fear in a sheasamh in aice leis an mballa féachaint cé thiocfadh. D'fhán an fear annsin agus ar maidin timcheall a trí nó a cheathar a chlog chuala sé torman mór a' tigheacht tríd an uisge mar a bhéadh rud éigin a sleamhnú tríd. I gceann tamaillín chonnaic sé ainmhidhe mór a teacht agus a' bualadh a drom leis a' mballa. Nuair a bhí sé ar tí an dochar a dhéanamh an falla a leagadh, bhuail an fear le tuagh mór é a bhí fé na ascall aige. Nuair a bhuail sé an tainmhidhe sgiob an tainmhidhe féin an tuagh leis agus amach leis san uisge. Ar maidin nuair a chuala na daoine mar gheall ar an ainmhidhe lean na daoine an peist mar chonnaic siad rian na fola ar an uisge. D'imthigh siad ó Luimneach go dtí Poll a' tSionnaigh agus bhí an fhuil ar an bpoll sin freisin. Fuaireadar dubh-shnamhuidhthe (divers) agus chuaidh siad síos 3 triochad troigh san uisge. Bhí bíoma mór ó thaobh go taobh san abhainn agus an tainmhidhe in a luighe air is é marbh. Bhí dhá ainmhidhe óga in aice leis agus bhí siad-san cosamhail le sionnaig óga. Sin é an fáth go bhfuil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Padraig Mac Samhráin
    Gender
    Male
    Address
    Carrick West, Co. Cavan