School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 350

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 350

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 350
  3. XML “Na Tithe Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fado ní raibh na tighthe chomh deas ná chomh glan leis na cinn atá anois ann. Bhíodh siad déanta de ghiotaí d'adhmad agus fóid móna leagtha ar an admad sin. D'fhágadh siad poll beag san díon chun an deatach a leigint amach. Uaireannta eile bhíodh sórt bothóga aca déanta as málaí is giotaí de chrainnte, agus ba chruaidh an saoghal a bhíodh aca mar nuair a a bhíodh an aimsear go fuar is é a' chur báistighe théigheadh an bháistach isteach tríd na málaí. Dá brígh sin ní raibh morán maitheasa ins na tighthe sin ach amháin nuair nach mbíodh sé a' chur fearthainne.
    Uaireannta eile is brobhanna glasa a bhíodh aca in ionad fódanna mar bhí na brobhanna le fághail go flúirseach ins an páirceanna thart timcheall.
    Ins na tighthe sin bhíodh teine an- maith aca i gcomhnuidhe - giotaí d'adhmad a bhíodh aca agus cúpla fód móna. Uaireannta bhíodh laogh aca sa tigh freisin agus bhíodh sé sa choirnéal chomh maith leis an leaba. Urlár déanta de chré a bhíodh aca agus cré is wattles a bhí ar aghaidh an simléir. Dubhairt m'uncal liom go bhfaca sé tighthe in a cheanntar féin agus gan simléar ar bith ortha - ní raibh ach poll beag i mála chun leigint don deatach dul amach. Dubhairt sé liom freisin go mbíodh dhá fhuinneoig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Tomás Mac Siordan
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Address
    Moneensauran, Co. Cavan