School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 349

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 349

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 349
  3. XML “Ag Ceannach agus ag Díol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rachadh sé abhaile. As leis abhaile ar a dhícheall agus chuaidh sé go dtí teach a charad in Daire na Neanntóg agus dubhairt sé leis féin go rachadh sé chun an stór a bhí bailighthe aige a fheiceál.
    Chuaidh sé agus is beag nár thuit sé leis an gheit a baineadh as nuair a chonnaic sé an stór agus chomh beag is bhí sé, mar bhí a chara a' goid rudaí uaidh. Bhagair Brian an dlighe air agus lá amháin nuair a bhí Brian ag teacht abhaile bhí a chara in a sheasamh ins an doras, bara in a láimh aige, na héadaigh in áirde air is é ar dhearg-bhuille. "Ó arsa seisean le Brian tá tú arais aríst. " Seo do mhála is do raganna is bailigh leat agus go mbeiridh an diabhal thú". D'imthigh sé is a stór leis is níor tháinig sé arais ní ba mhó.

    Seo iad ainmneacha an airgid san áit seo - "tanner ar sé pingine, "bob" ar sgilling, "quid" ar phúnt is mar sin de.

    Fuaireas an teolas seo ó -
    Tomás Mac Siordan
    Moneensamhráin,
    Gleann-Gaibhleann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Tomás Mac Siordan
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Address
    Moneensauran, Co. Cavan