Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 325

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 325

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 325
  3. XML “Cluiche Peile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tráth amháin bhí cluiche dubhshláin in mo cheanntar. Toghadh an bheirt fhear a b'fhearr i gCillineach agus an bheirt fhear a b'fhearr in Gleann-Gaibhleann. Bhí ar an mbeirt as Cillineach an liathróid a ciacáil ( a chosadh) ó lár Gleann-Gaibhleann go paroiste Cillinach, agus bhí ar an mbeirt as Gleann-Gaibhleann an liathróid a chosadh ó Gleann-Gaibhleann go teorann Liathdroma. An bheirt go mbéadh an bhuaidh aca bhéadh galún fuisge le fághail aca. Tháinig an lá mór agus bhí na sluaighte daoine bailighthe ar an bpáirc féacaint cé aca a bhéadh an bhuaidh. Theip ar an mbeirt as Cillineach a gcuid den chluiche a imirt agus deire an lae bhí an galún fuisge le fághail ag an mbeirt fhear as Gleann-Gaibhleann - Peadar Mac Samhráin agus Tomás Mac Samhráin as Moneensamhráin, Gleann-Gaibhleann. Is annsin a bhí an ruaille buaille mar cheap gach éinne den lucht féachána go mbéadh an bhuaidh ag muinntir Cillineach agus bhí siad go léir a' súil le deoch maith fuisge an tráthnóna sin. Ach sé a mhalairt de rud a thárla an lá sin. Bhí deoch breagh ag an mbeirt as Moneensamhráin agus bhailigh a gcáirde isteach dteacha in éinfeacht leo chun an tráthnóna a chaitheamh leo. Is dócha go raibh uisge ag teacht ó fhiacla lucht feachána Cillineach agus iad ag filleadh abhaile agus muinntir Gleann-Gaibhleann go háthasach ag ól dighe i seomra leathan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Padraig Mac Samhráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin