Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 324
- XML “An Bia Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin nuair a bhíodh sé ar fiuchadh cuireadh siad na húnsaí tae air agus d'fhágadh siad an pota ar a' teine go dtí go mbíodh sé beirbhighthe go han mhaith - Annsin dá mbéadh tae breagh láidir a' teastáil ó dhuine ní raibh le déanamh aige ach dul le na "noggin" agus é a líonadh as an bpota. Geallaim duit-se go raibh an tae sin níos fearr ná aon tae a dhól sé ó shoin.Gheibheadh na daoine bulóg aráin um Nodlaig fadó agus sin é an taon uair amháin i rith na bliadna a mbéadh bulóg aca. Dhéarfadh siad nach raibh aon mhaitheas ins an arán as an siopa go raibh an arán mhin choirce ní ba shláinte ná an bulóg bog as an siopa. Nuair a bhidís ag déanamh an aráin mhin choirce bhí iarann aca agus "greideal" an tainm a bhí air. Is in a seasamh ar an iarann a bhíodh an cáca. Bhíodh arán eile aca seachas na cinn sin. Tiormuigheadh siad an coirce agus annsin le bróinte muilinn mheileadh siad an coirce. Is as sin a dheineadh siad an tarán nó an leite.
Fuaireas an t-eolas sin ó -Tomás Mac Siordan
Moneensamhráin
Gleann-Gaibhleann- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Siordan
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 5491