Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “An tAonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn an taonach ar suibhal uair sa mhí ar a laighead ins na sráidbhailte is giorra dom - i mBlacklion, in Damhsrath agus i mBeál Cú. Bionn an taonach ar suibhal in Damhsrath ar an tríomhadh lá de gach mhí, an taonach i mBlacklion ar an dára lá fichead de gach mhí agus an taonach i mBeál Cú ar an gcúigeadh lá de gach mhí. Éirigheann na feirmeoírí go moch lá an aonaigh cuid acu bidh in suidhe le gairm a' coilighe mar bhíonn aistear fada le dul aca, agus tiomáineann siad a mbíonn de bheithidigh aca - ba, buláin, gamhna nó caoirigh rómpa chun an aonaigh. Tugann siad na laoigh óga agus na muca i dtrucaillí mar bhéadh siad ró thuirseach dá mbéadh siad a' suibhal, ach mar sin féin dhá thúisge bhidh ann seadh is fearr an tionad a mbíonn aca chun a stuic do theasbáint. Bíonn páirc fé leith ins na bailte i gcóir na naontaighe chun gur bh'usaide don lucht díoltaa a stoc a theasbáint agus do'n lucht ceannuighthe é d'fheicsint. Is minic a ceannuightear beithidigh ag na tighthe feirmeóra agus uaireannta eile ag na crosbóthair. Bhíodh aonach ar subhal in Gleann-Gaibhleann i mBaile Gub ar an gceathramhadh lá déag de mhí na Nodlag ach ní bhíonn sé ann anois cor ar bith mar ní théigheadh na daoine chuige.
    Lá an aonaigh dá mba rud é gur dhíol feirmeóir bó bhéadh ar an bhfear gur dhíol sé an bhó leis "custum" a ioc uirthi ag teacht amach ar "bhearna an chustuim". Bhíonn fear ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Aodh Mac Siordan
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin