Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 317
  3. XML “An tAonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an mbearnain ag bailiú an airgid - pighinn ar na gamhna, trí pingne ar an mbuin agus de réir na haoiseanna. Nuair a díobtar na ba agus nuair a bhíonn an margadh déanta tugtar airgead ar ais - "bonn dútrachta" (luck penny) a tugtar ar an airgead sin. Sgilling a tugtar de gnáth ach is fearr leis na feirmeóirí na pinghneacha, pé fáth atá leis. Nuair a bhíonn an margadh déanta craitheann an feirmeóir is an ceannuightheoir lámh le na chéile agus sin a méid. Bíonn márcanna éaghsamla ag na ceannuightheoirí - bíonn pinn luaidhe dearga ag cuid aca, pinn luaidh dubha is gorma ag cuid eile díobh agus cuid eile fós bíonn siosúr aca agus gearann siad gráinne gruaige den bhuin nó giota beag as a cluais.
    Nuair a díobtar bó ní tugtar an rópa nó an córda don ceannuightheoir ach coiméadhtar é.
    Bíonn an taonach is mó i sráidbhaile Damhs-rath ar an trío,jadj ;a de mhí Bealtaine agus ceann eile ar an tríomhadh lá de mhí na Samhna. Tugtar aonach na dtuarastal ( The Hiring Fair) air sin. Bíonn na haonacha is mó i mBlacklion ar an naomhadh lá déag de mhí na Samhna agus ar dára lá fichead de mhí Bealtaine. Bíonn na sluaighte daoine ins an sráidbhaile an lá sin mar an lá sin seadh téigheann go leór buachaillí ar aimsir le daoine eile agus fanann siad ag obair leo go dtí mí na Samhna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Aodh Mac Siordan
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin