School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)den bheirt ceann de na clocha uaidh. Annsin séard a rinne sí ná na naoi gclocha eile a chaitheamh go dtí an duine a bhí ar an dtaobh eile den duine tinn (in a gceann is in a gceann) agus le na linn sin bhí air - In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh - a rádh trí huaire.Uaireannta eile bhíodh uisge aca as Loch a Chaoch gar de shráidbhaile Keadue. Bhíodh ar an duine naoi buidéil a thabhairt leis i gcóir na coise tinne agus braon as gach aon bhuidéal díobh a chur air. Bhíodh ar an té an tuisge a thógáil roimh éirghe na gréine nó roimh dul fé dí.
Tinneas Croidhe.Cupán de mhin coirce a chur don croidh agus an fhaid a bhéadh an chroidhe ag dul i láidre bhíodh an mhin sa chupán a' dul síos, Annsin rinneadh cáca beag de'n mhin a bhí fágtha sa chupán agus bhí ar an duine tinn an cháca seo a ithe.
Clámh nó Aicíd na nGearb. (Scurvy)Ar na capaill is ar na ba a bhíodh an clámh. Bhí dhá shaghas de an mange agus scurvy. Bhíodh leigheas ag na sean-daoine do ghalar seo. Paidreachaa éigin a bhí aca agus níl sé ceaduighthe iad a innist d'éinne.Tá leigheas eile do'n ghalar seo freisin. As uisge beatha agus rusg crainn éicint atá sé déanta: Óltar braon beag de trí huaire sa ló agus leigheasann seo an clámh.
Tinneas FiachaillSeo paidir a bhíos le rádh ag an duine go bhfuil an tinneas fiacaill air agus leigheasann sé é.(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Tomás Mac Siordan
- Gender
- Male
- Address
- Moneensauran, Co. Cavan