Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 13942)
- Suíomh:
- Mullach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 509
- XML “Comharthaí na hAimsire - Ón Spéir, An Ghaoth, Na hÉanlaithe, Na hAinmhithe, An Nádúr, Ceo Bóthair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó'N SPÉIRNuair a théigheann grian dearg fé beidh an aimsear go breágh agus nuair a téigheann grian bán fé beidh droch-aimsear ann. Nuair a bhíonn ciorcal mór mór-thimcheall na gealaighe beidh báisteach ann agus nuair a bhíonn ciorcal beag mór-thimcheall na gealaighe beidh ceó ann. Nuair ná bhíónn acht beagán réalta le feiscint sa spéir sin comhartha báistighe. Nuair a bhíonn na sgamaill bán agus liath beidh aimsear bhreágh ag teacht agus nuair a bhíonn na sgamaill dubh, dorcha beidh báisteach ann. Nuair a bhíonn bogha báistighe sa spéir ar maidin beidh báisteach ann, agus nuair a bhíonn bogha báistighe sa spéir um thráthnóna beidh an aimsear go breágh.
AN GHAOTHNuair a shéideann an gaoth ó'n dtaobh tiar bíonn báisteach gairid dúinn. An ghaoth adtuaidh bíonn sí cruaidh agus cuireann sí fuacht ar dhaoinibh agus beireann sí sioc agus sneachta léi. An ghaoth anoir bíonn sí tirm agus tagann sioc léi de ghnáth. An ghaoth andeas bíonn sí tais agus cuireann sí rath ar shíoltaibh. Nuair a bhíonn na sgamaill ag imtheacht go tapaidh sin comhartha stoirme.
NÁ h-ÉANLAITHNuair a bhíonn na fáinleóga ag eitealt ós íseal sin comhartha báistighe. Nuair a thagann na faoileáin isteach fé'n dtír beidh an aimsir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Breandán Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán P. Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Coillte, Co. an Chláir