Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 506

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 506

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 506
  3. XML “Paidir”
  4. XML “Tuirse na nGaibhne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    arís. Beannacht leat a thigh Dé agus beannacht Dé nár dtimcheall Nár scapaid uainne grásta Dé, go bhfuilimíd chun a teampuill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ins an t-sean aimsir na mná bochta, do bhiodh ag siubhal, ag iarraidh déírce, do thugaidís beart éádaighe ar a ndrom aige, i ndtreó nuair a d'iarraidís bheith istigh i gcóír na h-oidhche ná bheadh aon dothail rómpa. Thárla go raibh bean bocht ag siubhal mar sin uair, agus an beart éádaighe ar a drom aici, agus ar mí-adhmharaighe an t-saoghal. An biorán a bhí ag ceangail na n-éádaighe ar a brollach, do chaill sé é greim, agus do cailleadh ar an mbóthair é. Do dhein sin ceataighe mór do'n mhnaoi bhoicht, mar bheag dhi a raibh dá fhághail aici de dhuadh an aistir, gan duadh na n-eadaighe do chur leis. Aimsear Éarraigh a bhí ann agus bhí an t-ádh leithi an bhean bhocht, ní ró fhada do shiubhal sí fé mí-cothrom na n-eadaighe, go bhfeachaidh sí uaithi istig i gort uaithi ferimeóír agus é ag treabhadh. Do dhruid sí le claidhe an guirt agus chuaidh si in áirde air, agus do ghlaodh si i leith ar an bhfeirmeór. Ní ró-éasga di fhreagair an fheirmeóír
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge