Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 393

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 393

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 393
  3. XML “An Coileach Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí beantreabhach bocht ann fadó agus bhí triur inghean aici. Bhí an mná ba shine acu ag tabhairt bídh do na cearcaibh sa srád nuair thánag coileach beag agus (d’innis sí) thosnuigh sé ag itheadh an bídh ar na cearcaibh. Cuaidh an inghean isteach agus d’innis sí an sgéal d’á mháthair agus d’fhiafruigh sí dí cad do déanach sí. ‘Se dubhairt an máthair léi imtheacht agus breith ar an gcoileach agus é thabhairt isteach go marbhóchaidís agus go n-iosaidís dóibh féin é. D’imigh an inghean amach agus thug sí iarracht faoin gcoileach acht má thug d’imigh an collicín uatha agus do lean sí é agus do bhí sí fhá leanmhairt riamh agus chóidhech go dtí go n-deachadar araon isteac i gcoill a bhí cóngharach don áit. Ní fada bhíodar ag rith tríd an gcoill nuair d‘imigh an coileach as radharc an cailín agus b’éigean di stad. Nuair d’féach sí ‘na thimpeall ní raibh le feiscint aici acht crainn agus crainn agus síor crainn agus bhí aon bhotháinín amháin i ngar di. Bhí tuirse uirthi tar éis a reachta in dhiadh an coiléin, agus cuaidh sí faoi dhéin an bhotháinín agus cuaidh sí isteach. Ní raibh aoinne istig roimpe agus do thuit a codhladh uirthi. Nuair a dhúisig sí bhí an oidhce cuirthe. Tháinig an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    AT0431: The House in the Wood
    Teanga
    Gaeilge