Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In áit éigin, blianta ó shon bhí fear leisgeamhail in a chómhnuidhe san tuaith. Bhí trácht ar a leisgeamhlacht i ngar is i gcéin. Mar ba gnáth tigh ceann tuighe a bhí aige acht díon ar bith ní chuireadh sé air. San oidhche bhí radharc soiléar ar na réaltóga, an ré agus na sgamallaibh amach idir na taobháin is na frothrachaibh. D'airig an sagairt paróiste i dtaobh an fhir seo agus tháinig sé chun cómhairle a leasa a thabhairt do. An fhad is bhí an sagart san tigh bhí sé na chlagarnaigh amuigh is bhí an braon-anuas i ngach áit istig. "Nách mór an náire duit ná cuirfeá dían ar do thigh faoi mar a dheineann gach fhear dod shórt" ar dubhairt an sagart leis. "Acht ar ndóigh ní féidir liom a athair" ars an fear leisgeamhail "Tá sé ag fearthaine." "Acht ná deanfá é an lá tirm" ars an sagart leis. "Á ní bhíonn aon braon-anuas orainn an lá sin" ars an fear tighe. Chonnaic an sagart nárbh aon mhaith a bheith leis agus d'imthigh sé agus d'fág sé annsan é.