Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 497
- XML “Paidir”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A Íosa, a leinbh, bí liom féin, tabhair do lámh liom i dthúis gach lá. Leanbh leat mé a Mhuire Mhór. Chuir fé brat mé oidhche is ló. A Dhia a dhein mé, is thug dom ciall. Bhí sé féin liom, is mé ag triall. Seól an t-olc uainn, i bfad ar fán. Is bíodh le grádh Dhuit mo chroidhe-se lán.
- Fóidín an ocras.
Sé an miniú atá leis sin ná, deirtear go bhfuil fód ins na cnoca, agus má shiubhlann tú air, deirtear go bhfuighteá na féar gortach.Sé an míniú atá leis an sean-fhocail sin. "is mór é luach na foidhne gan amhras", ná, uair amháin bhí maighistear ag lorg buachaill aimsire. Tháinig buachaill isteach chuige lá, agus d'iarr sé air, é glachadh in aimsear. D'fheach an maighistir air agus dubhairt sé leis oscail an bheart sin agus beidh é chugat i gceann cúpla nóimeat. Bhí sé ceangailte go cruaidh. Fuair an buachaill(leanann ar an chéad leathanach eile)