Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 407
- XML “Paidir chun na Tine a Choigilt”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Coighlim-se an teine seo mar a choigil Bríghid an Cáisg. Bríghid agus Muire 'na lár. Na seacht n-aingil in áirde 's na Flaitheas ag coimeád na ndaoine 'im thig seo go lá.
(gan teideal)
“Bhí cailleach protastúnach ag fáil bháis agus d'athraigh sí chun an chreidimh Chaitlicigh Rómhánaigh agus tháinig na sagairt go léir a bhí ann chuici.”
Bhí cailleach produstúnach ag fághail bháis agus d'aistrigh sí cun an chreidimh Chaitlicig Romhánaigh agus tháinig na sagairt go léir a bhí ann chuici. Bhí chailleach caitliceach ag fághail bháis 'san am ceadna a bhí i gcomhnuidhe ag tabhairt brontanaisí do'n sagart do réir ríaghal an phobail. Níor tháinig an sagart cuichí cun Eola an Cathraighe do cur uirthi. Cailleadh gach duine aca. Bhí Aifreann Árd ag an gcailleach athruighthe agus bhí gach sagart ann. Ní raibh aon shagart cun Eola an Cathraighe ná Aifreann do rádh do'n cailleach bhocht. Bhí Caolaidhe spórt ag teacht ó socraid na caillighe Caitlicige agus chonnaic sé na sagairt go léir ag seint Aifrinn ós cionn uaigh na cailige aithrighthe. Chuaidh sé anáirde ar an gclaidhe ós comhair na sagairt amach agus d'astruig sé an tAifreann Naomhtha cun Aifrinn Diabhluidheachta. Do glaodhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antaine De Barra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Aodha Theas, Co. an Chláir