Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 399

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 399

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 399
  3. XML “An Clog Órga”
  4. XML “Cailleach Bhéal Átha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon lá amháin bhí Seanán Naomhtha ag freagairt Aifrinn agus ní raibh aon chlog aige. Do ghuidh sé cum Dé agus thuit clog órdha o Neamh cuige. "Clog na Néal" a tugtaí air. Cailleadh an clog acht tá a clúdach le feisgint i dTig ne Seód Seanda i mBaile Átha Cliath.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Bhí bean i mBéal Átha fadó agus droch-bhean dob eadh í. Do mhairbh sí leanbh ná raibh baistigthe agus nuair fuair sí féin bás damnuigheadh í. Bhíodh a spiorad dhá fheisgint ar feadh ibfad.
    Do ráinig gur thuit fear i nGlas Cluain tinn agus bhí ar a mhach dul ag iarraidh an t-sagairt ar uair mharbh na h-oidhche. Is i gCill Caoi a bhí an sagairt an uair sin mar bhí an dá pharóiste le chéile. Nuair a bhí an fear ag dul thar droichead Bheal Átha do léim an spiorad ar a chúl agus bhí sí 'ghá thacthadh. Tharraing an fear scian coise
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.