School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Forghleann, Co. an Chláir
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 507

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 507

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 507
  3. XML “Tuirse na nGaibhne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an glaodhach san, ach dfhan sé ag treabhadh roimhe go dtug cúrsa na seisrighe láimh leis an mnaoi e. D'fhiafruigh sé annsan de'n mnáoi cad a bhí ag deanamh buartha dhi, gur chuir sí isteach air, agus é i lár a choda oibre. D'innis an bean bocht do annsan connus mar a bhí biorán ag coimead na n-eadaighe go daingean ar a brollach, agus gur chaill sí é sa t-siubhal, agus níor dhein an fheirmeóir acht buille de'n fuip a thabhair dos na capallaibh, agus comaint leis ag treabadh. Tháinig an bhean anuas de'n claidhe, go dubhach, díombádhach, agus do ghluais sí sa t-siubhal. Níorbh fhada go dtáinigh sí go baile beag, agus sé an chead tigh a chonnaic sí ná tígh táilliúra. Do bhí an táilliúr istigh agus é 'na shuidhe ar an mbórd, ag obair go dian dicheallach. Bail Ó Dhia ort annso ars' an bean déirce. Níor dhein an táilliúr ach feachaint uirthi, agus leanamhaint gan stad dá chuid oibre. D'fheuc an bhean go truaghmheileach air, acht níor chuir an tailliúr aon t-suim innti. Sa dheire do labhair an bhean, "ar son Dé" arsa sí, "agus le h-annain do mharbh, tabhair biorán dom, a dheanfadh na (n-eadaighe [)] baileísí éadaigh seo ar mo dhrom do cheangal mar chailleas an biorán a bhí agamsa, sa t-siubhal indhiu". Spríonlóiir ceart, d'fhear dothalach do b'eadh an táilliúr, agus níor sé acht an bhean bhocht do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish