School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 465

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 465

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 465
  3. XML “An Bodach agus an Siúinéir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an droch aimsear fadó bhí súinéar bocht go raibh muirghin mór aige agus tosg ná raibh aon obair le deunadh aige bhí sé ana bhocht agus an t-ocras beagnach ag bualadh an doras isteach chuige. Bhí bodach d'fheirmeóir san gceanntar gur theastuig cúpla dréimire uaidh. Bhí adhbhar na dreimire aige féin agus bhí súil aige go mbeadh siad saor. D'iarr sé ar an súinéir na dréimirí a dheunadh do acht nó thabharfadh sé mar tuarastar do acht leath-phingin ar gach rúnga agus a chothughadh.
    Mar gheall ar an droch chaoí a bhí ar an súinéar bocht b'eigean do luighe isteach leis an margadh seo agus bheith sásta leis an ndíolaidheacht suarach. Nuar tháinig sé go dtí teach an fheirmeóra thug sé leis mac beag a bhí aige le súil go bhfuigheadh sé greim le n-iththe san áit. "C'én gnó atá agat do'n garsún"? ars an feirmeóir leis. "Thugas liom é chun an tharachair d'fhuaradh dhom nuar éirigheóchadh sé ro'the orm" ars an súinéar. "Connus a d'fhuaireann sé dhuit é" ars an bodach. "Cuirim bárr an tarachair isteach in a bhéil" ars an súinéar. "Cuir an garsún abhaile" ars an bodach "agus deunfad féin an obair sin duit". "Ní dóigh liom go bhfuil tathaighe agat ar an obair" ars an súinéar "acht fan go bhfeicimid". Fuar sé bloc cruaidh dairighe agus chrom sé chun poll a chuir air. Níor dhein sé dhá leath dá dhítheall i gcaoi go raibh an tarachar an té nuar do tharraing sé amach as an bloc é. "Anois ar seisean leis an mbodach "osgail do bhéul agus cuir amach do theanga". Do dhein sé amhlaidh agus do leag an súinéar bárr an tarachair anuas ar a theanga. Do léim an bodach ar a chorp agus leig sé béic as le neart féine. Níor b'fhéidir leis focal a rádh ar feadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish