School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Am amháin bhí an triuch go fíochmhar i n-áiteanna agus inghean amháin bhí ag mnaoi bhocht bhí sí i mbaoghal bháis ó'n ngalar. Bhí fhios ag an mháthair go raibh leigheas ag fear a bheadh ag marcuidheacht ar capall bhán. Is mo súil mí-fhoighneach a chaith sí i ngach árdfeuchaint a mbeadh a leithéad le feicsint. An maidin seo d'éirigh a croidhe nuar chonnaic chuici marcach ar lár bhán ag teacht aniar an ród. Amach lei gan puinn moille roimh an fhear, acht go mí-adhmharach cé bheadh ann acht dearg namhad di. Acht mar sin féin cuimhnigh sí ar a paiste tinn agus d'iarr sí congnamh ar an bfear mar seo:-
"Iaraim ar fhear an chapaill bhain can a leisfeadh an triuc", agus seo mar do leabhair se "Sliabh Calláin do bheiriú i meidhg di agus seacht d-troighid i n-éinfheacht leis an d-triuch".
Cífear ó'n bhfreagra seo ná raibh mórán maitheamhnas le fághail ó'n bhfear seo, gur díoghaltas bhí fonn air a thabhairt i n-ionad leighis, acht d'réir bealoideachas na h-áite is teannaidhe a bhí an t-ádh air as sin amach.- Informant
- Séamus O' Donoghue
- Gender
- Male
- Address
- Bauntlieve, Co. Clare