School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí beantreabhach bocht ann fadó agus bhí triur inghean aici. Bhí an mná ba shine acu ag tabhairt bídh do na cearcaibh sa srád nuair thánag coileach beag agus (d’innis sí) thosnuigh sé ag itheadh an bídh ar na cearcaibh. Cuaidh an inghean isteach agus d’innis sí an sgéal d’á mháthair agus d’fhiafruigh sí dí cad do déanach sí. ‘Se dubhairt an máthair léi imtheacht agus breith ar an gcoileach agus é thabhairt isteach go marbhóchaidís agus go n-iosaidís dóibh féin é. D’imigh an inghean amach agus thug sí iarracht faoin gcoileach acht má thug d’imigh an collicín uatha agus do lean sí é agus do bhí sí fhá leanmhairt riamh agus chóidhech go dtí go n-deachadar araon isteac i gcoill a bhí cóngharach don áit. Ní fada bhíodar ag rith tríd an gcoill nuair d‘imigh an coileach as radharc an cailín agus b’éigean di stad. Nuair d’féach sí ‘na thimpeall ní raibh le feiscint aici acht crainn agus crainn agus síor crainn agus bhí aon bhotháinín amháin i ngar di. Bhí tuirse uirthi tar éis a reachta in dhiadh an coiléin, agus cuaidh sí faoi dhéin an bhotháinín agus cuaidh sí isteach. Ní raibh aoinne istig roimpe agus do thuit a codhladh uirthi. Nuair a dhúisig sí bhí an oidhce cuirthe. Tháinig an(continues on next page)