School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 516

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 516

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 516
  3. XML “Seanbhóithre”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá a lán seana-bóithre mór thímceall na h-áite seo agus seo na h-ainmneacha atá ar cuid díobh, Bóthar Crocáin, Bóthair Búaile Dubh, Bóthar Currach, Bóthar Mougna, Bóthar Deirg Lane, Bóthar Clocháin Mhóir, agus Bóthair na Sráide Aoirde. Deineadh na bóithre san go léir beagnach in aimsear an droch-shaoghal, chun obair do thabhairt dos na daoine a bhí ag fághail báis leis an ocrais. Is minic a bhíodh na mná ag obair leis na fearaibh ag briseadh na gcloch nó rudaí mar sin. Sé an págh a gheibheadh na daoine an úair sin ná trí nó ceithre de phingnibh sa ló.
    Aith-ghiorra ana úsáideach iseadh Bóthar Crocháin mar slíghe gairid iseadh é chun dul go dtí oifig an phuist atá i nDún Salach, agus suidh eile, tá fear deisighthe cnámh darb ainm Tomás De Búrca na chomhnuidhe i nDún Salach, Sráid na Cathrach agus slíghe gairid chun dul go dtí a thíghe iseadh Bóthar Crocáin.
    Aith-ghiorra chun dul go h-Inis-Diomáin ó'n áit seo iseadh Bóthar Mougna. Téigheann daoine na h-áite seo an bóthar san ag dul dul chun na n-aonach a bhíonn in Inis-Diomáin. Téigheann Bóthar Currach isteach i mbóthar Mougna i n-aice le h-Inis Diomáin. Tá na bóithre eile ag dul isteach go dtí tíghthe nó cun na bportach. Táid ag deanamh na mbóthar san do dheisiú anois. Tá na bóithre san ins na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish