School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 517

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 517

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 517
  3. XML “Seanbhóithre”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    paróistíbh mór thímcheall na h-áite seo, Sráid na Cathrach, Eadnuich, agus Inis-Diomáin.
    Seo sgéal beag mar gheall ar crios bóthair ata i n-aice n h-áite seo. Tá cúig criosanna i n-aice na h-áite seo. Úair amháin bhí daoine ag dul go dtí aonach a bhí in Inis-Diomáin. Bhí sé tímcheall a dó a chlog san oidche agus ag na criosanna san chonnaiceadar bean báin agus í ag tarraingt uisge.
    Úair eile bhí fear siubhal 'na chodhladh ag na criosanna sin, agus cad a chloisfeadh sé acht capall ag dul mór thímcheall an seana-thíghe atá ann.
    Úair eile bhí fear ag teacht ó na cúaird ar Bóthar Crocáin. Chonnaic sé beirt cailíní ag teacht na threó agus cheap sé gur cailíní ó'n gcomharsanacht abeadh iad. Fear dána dob eadh é agus dubhairt sé go bhfuighfeadh sé amach céirbh iad. Leis sin thug sé fútha acht má thug níorbh fhéidir leis greim d'fhághail ortha mar spriodeanna dob eadh íad. Chonnaich sé aighthe na gcailín agus fúair sé amach gur cailíní ó'n gcomharsanacht sin a chuaidh go Americá dob eadh íad. Cúpla lá na dhiaidh sin chúala an fear gur bhfúair na cailíní a chonnaic sé ar an mbóthar an oidhche sin bás in Americá.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish