School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Furglan, Inistíomáin
- XML Page 508
- XML “Tuirse na nGaibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuir an doras amach. D'imthigh an t-aindheisóir mná gan focal a rádh. I gceann na sráide, do chonnaic sí tígh agus a lán feirmeóirí bailighthe lasmuigh de. Dhein an bhean ceann ar aghaidh ar an gcearcain, agus nuair do chonnaic na feirmeóirí cuca í, do cheapadar í chur amach an doras. Do bhí an gabha istigh agus é ag obair ar a dhicheall, ag iarradh eacht ar an obair go léir a bhí le deanamh aige. Nuair d'airigh sé an t-aighneas leasmuigh de'n doras agus blór cneasta na mná ag míniú a cás dos na daoine amuigh do chaith sé a cheap órd uaidh i leaththaoibh, do chimil sé a lámha dá áprún agus siúd amach é chun na mná boichte. Ní túisge d'airigh sé sgéal na mná, agus an chruadh-chás 'na raibh sí, d'easba an biorán, ná siúd isteach leis, agus ní thúisge a bhí sé istigh ná seo amach arís é, agus biorán ana dheas ar fad aige, agus do shín sé é chun na mná boichte agus ní thúisge chonnaic sí é, ná thainigh luisne 'na ceannachaibh le bárr áthais. Do thóg sí an biorán agus do shocruigh sí 'na brollach é ag ceangailt na n-eadaighe a bhí aici ar a drom, agus d'fheuc sí go buidheach ar an ngabha agus dubhairt sí de guth caoin, cneasta, "ná mbeadh oiread an biorán sin de thuirse go deo ort, a dhuine mhaith, macánta", agus leis sin(continues on next page)