School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Furglan, Inistíomáin
- XML Page 506
- XML “Paidir”
- XML “Tuirse na nGaibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arís. Beannacht leat a thigh Dé agus beannacht Dé nár dtimcheall Nár scapaid uainne grásta Dé, go bhfuilimíd chun a teampuill.
- Ins an t-sean aimsir na mná bochta, do bhiodh ag siubhal, ag iarraidh déírce, do thugaidís beart éádaighe ar a ndrom aige, i ndtreó nuair a d'iarraidís bheith istigh i gcóír na h-oidhche ná bheadh aon dothail rómpa. Thárla go raibh bean bocht ag siubhal mar sin uair, agus an beart éádaighe ar a drom aici, agus ar mí-adhmharaighe an t-saoghal. An biorán a bhí ag ceangail na n-éádaighe ar a brollach, do chaill sé é greim, agus do cailleadh ar an mbóthair é. Do dhein sin ceataighe mór do'n mhnaoi bhoicht, mar bheag dhi a raibh dá fhághail aici de dhuadh an aistir, gan duadh na n-eadaighe do chur leis. Aimsear Éarraigh a bhí ann agus bhí an t-ádh leithi an bhean bhocht, ní ró fhada do shiubhal sí fé mí-cothrom na n-eadaighe, go bhfeachaidh sí uaithi istig i gort uaithi ferimeóír agus é ag treabhadh. Do dhruid sí le claidhe an guirt agus chuaidh si in áirde air, agus do ghlaodh si i leith ar an bhfeirmeór. Ní ró-éasga di fhreagair an fheirmeóír(continues on next page)