Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)

Suíomh:
Cathair Seircín, Co. an Chláir
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 331

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 331

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin
  2. XML Leathanach 331
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá an tobar seo suidthe, timcheall míle taobh thuas de Chillfhionabhrach. Tá falla íseal tímcheall air, ach níl sé ró dhoimhin. Tá leigheas ann do súilibh breóite, má deintear cúpla turais tímcheall air ag guidhe. Fágann aoinne a théigheann ann, rud éigin naomhtha inaice leis, mar, bonn nó cros déanta d'óir nó d'airgid, agus mar sin de. Tá aithne agam ar a lán daoine a chuaidh ann, agus nior tháinigh aon breóiteacht ar a súilibh ó shoin. Is dóigh liom, gurab naomh darab ainm Cáimín, a chuir ar bun é, na céadta bliain ó shoin.

    TOBAR NAOMH BÉTHAN
    i gCathairseircín, tuairim ceithre míle ó Inistíomáin. Tá sí i lár páirce tímcheall ceithre céad slat ó'n mbóthar, agus tá falla déanta de chlocaibh tímcheall air. Tá leigheas ann do súilibh breóite leis, agus sé Naomh Béthan a chuir ar bun é.

    TOBAR NAOMH ÁUGAISTÍN
    Tá an ceann seo i gCill Seannuigh, agus dob é Naomh Áugaistín a chuir ar bun é, sa tsean aimsir. Tá leigheas ann do'n fhiabhrais dearg, agus mar sin, ní chuireann na daoine ins an pharóiste 'na bhfuil sé, capall fé chairt an lá sin cun obair a dhéanamh, mar do leasuigheadh mórán daoine, nuair a bhí an galair uathbhásach sin ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Mac Cormac
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Peadar Mac Cormac
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Tulacha Uachtarach, Co. an Chláir