Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)
- Suíomh:
- Cathair Seircín, Co. an Chláir
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)322
Bíonn síad ag rith sin cómhartha báistíghe is stoirme agus uaireannta is cómhartha teinntreach agus tóirneach é.
An Gaoth .
Sé an gaoth aníar andeas an gaoth is mó a sheideann tar Éirinn.Gaoth bog iseadh é agus beireann sé fluairseach do fearthann bhuig ón Atlantic.Sé an gaoth is mó a bheireann báisteach cúghainn ná an gaoth andheas.Tagann sneachta ón oirthear go mór mór ,ní folláin an gaoth é seo mar thagann sé ó na tíre teó agus tugann sé mórán gallair leis.Is ón iarthar agus ón dtuisceaart a thagann na stoirmeacha.
Éanlaithe.
Nuair a cítear na geadna fiadaine ag eitilt tímpeall na tírre sin comhartha sioc nó aimsear dona. Nuair a thagann na faoileáin ag sgreadadh go géir sin cómhartha doineanna freisin.Nuair a bhíonn na fáinleoga ag eitilt ró gairid don talamh sin cómhartha báistíghe .
Aimmhidhthe
Níl aon ainmhídhe is fearr chun an aimsear do braitheanúghadh ná an muc.Bíonn fhios aice dhá lá roimh re nuiar a bhíonn áimsear dona ag teacht agus dá mba go raibh sí amuigh ist oidhche nuair a bheadh an doineann ag teacht raghadh sí isteach go dtí áit eile mar a bhéadh foithin .Bíonn fhios ag an gcat freisin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Néileáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheathrú Chlochach, Co. an Chláir