Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)
- Suíomh:
- Forúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean na cómhnuidhe 'san áit seo fad ó, agus bhí siopa beag aici. Lá amháin chuaidh sí go Cill Ruis agus dhíol sí roinnt plainnín (?) a bhí aice. Leis an airgead a bhfuair sí ar an bplainnín cheannaigh sí cúpla rolla tobac. Ar an mbóthar abhaile dhí pé botún a bhí uirthi chaill sí an tobac. Bhí an bhean bhocht as a meabhair nách mór bhí sí cómh buadhartha sin. Cuma ar bith d'innis sí a sgéal d'fhear abhí na comhnuidhe comhgarach dí. Dubhairt seisean go ndéanfadh sé a dícheall. Saghas file ab'eadh é. Sgríobh sé fógra amach agus thug sé do'n Sagart le léigheamh ón Altóir Dia Domhnaigh. Thuig an sagart go maith connus a bhí an sgéal. Tháinigh an Domhnach & bhí sluagh mór ins an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Ó Seasnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Sheasnáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Forúir, Co. an Chláir