Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)

Suíomh:
Forúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 309

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Leathanach 309
  3. XML “An Fear a Bhí ar Mire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann go raibh aon mhac amháin aige. Buachaill breágh fial ab eadh an mac so ach anois is arís bhíodh sé beagáinín mí-chiallmhar agus failightheach. Bhí na comharsana go léir an mhór leis ach is minic a bhíodh díospóireacht agus argóint idir é féin agus a athair. Tharla lá amháin gur eirig eatorra agus bé deire an sgéil gur chuir an t-athair a mhac as an tig ar fad agus dubhairt sé leis gan teacht arais go deo na ndeor. Chuaidh an mac brónach go leor pé áit a bhfuair sé a phasáiste go dtí tír thar lear. Doibrig sé go dian moc déanach. D'imigh na bliadanta. D'eirig go maith leis agus shabháil sé dulcán maith d'airgead.
    Sa bhaile bhí an t-athair ag dul i n-aois agus gan aoinne aige. Ba mhó uair a chuimhnigh sé ar a mhac amháin ach tásg ná tuairisg ní fhuair sé na thaobh, ón lá a iompaig sé a chúl ar an dtig. Bheadh sé sásta dá mbeadh sé arais arís aige. Ar an láimh eile cé go raibh ag eirghe go maith le sea an mac, bhíodh sé buadhartha goleor, nuair chuinnigheadh sé ar a athair agus abhaile féin. I gceann deich mbliadan bhí sé saidhbir go maith agus shocruigh sé 'na aige go raghadh sé arais 'dtí'n a thír féin chun fághail amach connus a bhí ag eirghe lé'n a athair agus leis an sean-áit. Tháinig ach ní abhaile a tháinig se i nao'cor ach dtí tig tabhairne comhgarach d'á thig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Seasnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Sheasnáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Forúir, Co. an Chláir