Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)

Suíomh:
Forúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Leathanach 303
  3. XML “Sliocht as Oidhre Chluainíne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. A Shearlaigh óg a ghradh Uí Donnchadha gan cháim
    Go raibh bail ó Rí na ngrás dod chumhdach
    Go mba slán tú as gach áird na mbéarfadh ort do ghabhadh
    Is nar bhainidh san go bráth droch-shúil duit.
    Is tú oighre an ghleanna bhreagh de shíol na bhflaith ab fhearr
    I gCiarraidhe thall le rádh gan amhras
    Is tú an brainnse is gile blath go fírrineach ag fás
    Is ní an fíor leanbh áluinn cúmhta
    Go mbuallfid an namhad an té nár bhuail leis mo laoch
    De mhaithibh scoth na hÉireann d'árd fuil
    Mar is e adeir gac n-aon gur bronnadh air an chraobh
    Ó Donnchadh na seod an sair-fhear.

    Do phós duine uasal, darabh ainm O Donchadha as Ciarraidhe, phós sé cailín óg de Muinntir Mhic Mhathghamna i gCorca Baiscinn (?). Thiar idtig Mór Cluainíns a bhíodar na gcomhnaidhe agus bhí Seán de hÓrda na chómhnuidhe thiar i n-aice an tighe mhóir an tráth ceadna. I gceann seachtmhaine chuaidh Seán siar go dtí an tig mór cun an duine uasal nuadh a fheisgint. Taithn sé go maith lé Seán agus nuair tháínig sé abhaile chúm sé amhrán deas ag failtíú an duine uasail. Bhí an sean bhean a bhí ins an dtig an mhór lé Seán i gcomhnuidhe agus bhí bród uirthe nuair chuala sí an t-amhrán bréagh a chúm Seán. D'iarr sí ar a climahan isteach lá "Cad é do mheas ar an bhfáilte sin a chuir Seán romhat" ar sise "O" ars an fear óg "tá cailleach cearc ag'am' mháthair sa baile i gCiarruidhe agus chuirfeadh sí fáilte níos fearr romhainn (?). Ní raibh an tsean bhean ró bhuidheach do ach nior dhubhairt sí dada
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Seasnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Sheasnáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Forúir, Co. an Chláir