Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)

Suíomh:
Forúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Altú roimh Bhia”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann agus mac aige - Phos an mac staigin fuar ocrac. Ní raibh meas a'mhadra aice ar an sean duine an chead lá a tháinig sí isteach agus ba mhinic a bhíodh sé na shuidhe ag bun an bhúird ag ithe a choda leis an mbuachaill aimsire. Níor mhaith leis an maa an sgeal abheith amhlaidh ach ní raibh laigeas aige air mar dob' ise an maigistir. Trathnóna amháin tháinig dearbhrathair na mná cúca ar chuaird. Shuidheadar síos cun súipéir ach má shuidh is ag bun an bhúird a bhí an sean duine bocht. Braith an stróinséar é ach níor dhubhairt se faic cé nár maith leis é. Bhí rolla breagh ime ag an mbeirt ach ní raibh ag an seanfhear ach crústa tirim. Bhí nós age's na daoine an tráth sin altú roimh biadh arádh os árd. "Altuig" ars an mac lé'n a athair sar a thosnuigheadar ag ithe. "Altuig tú féin" arsan tathair "is duit is cóir". "Ó ní dhó ach duitse: ars an stróinséar
    Stop an seanfhear go ceann tamaill agus annsan labair agus dubairt
    "Do dhíolfainn an faoideach a's ceannocainn donn óg
    Is leis an cior-mhíon do chíorfainn tú go minic sa ló
    D'fháiscfinn lé'm chroidhe thú mar ba tú mo stor
    A's ní íosfainn se an t-ím agus tú os mo chomhair"
    Tháinig náire ortha go léir. D'iompaig dearbhrathait na mná agus thug sé íse na muc as na madrai d'á dheirbhsuir agus d'á fear. Ón lá san amach bhí a dhóthain lé fághail ag an seanfhear.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Seasnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Sheasnáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Forúir, Co. an Chláir