Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)

Suíomh:
Forúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 314

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 314

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Leathanach 314
  3. XML “Guí an Bhacaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Go mbeannuighidh Dia is Muire is Colm Cille,, Peadhar, Dia is a dhá aspol deag agus Rí na Glóire isteach annso. Tá mé fhéin ag iarraidh cuid na huaire seo, cuid na huaire atá lé teacht agus cuid na huaire nár tháínigh fós 'ghá impidhe ar Dhia is ar Muire, Micheál Naomhtha Árd Aingeal ró-naomhtha an Tighearna do bheithidhig do shábhailt ó anaithe 'na dteach
    preab coinlín, béam rúitín
    searrtha lín, súil droch-dhuine
    nó anál an bitheamhnaigh
    Eirigh suas a bhean mhaith a' tighe agus nár cráid Dia do croidhe agus tabhair duinn ceapaire ar dath do leacain a beidh míle ar fhaidh ann agus léím caillighe d'ím air. Suidh féin 'im chuibhreaim agus nár lugha de i n-iosfair de. A Mhuireann óíg, dein mo réir le h-úr glas le huisge le tobach nó méirlín blonóige le haghaidh na coise tinne. Dein mo réir le h-anbhruith caoir-fheola nó lomra olna a bhean a' tighe
    (Labhrann bean a' tighe agus deireann sí)
    "Cár ghluais tú chughainn a Bhachaigh?"
    (Freagrann sé mar lenas)
    Anoir is aníar is andeas
    Tré bhéal an dorus isteach
    Tré ínse na gcolcaighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Seasnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Conmhaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Forúir, Co. an Chláir