Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)
- Suíomh:
- Forúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí "Cabhair De chughainn" in a béal i gcomhnuidhe mar fochal. Bhí sí ana bhocht agus bhí cuighear nó seisear páistí aichi. Ní raibh aon ghreim lé n-ithe aiche féin ná ag na páistí. Chuaidh sí amach go dtí bean Pradastúin a bhí an-shaidhbhir a d'iarraidh canna bainne. Tá canna bainne uaim "Cabhair Dé chughainn" dubhairt sí. An díolfá "Cabhair De chugainn" agus tabharfadh duit é dubhairt sí. Ní dhíolfadh sí "Cabhair Dé cughainn." Níor thug bean an Pradastúin an bainne dí in a 'cor annsan. Nuair a tháinig sí abhaile bhí na páístí ag béicheadh leis an ocras. Bhí fear beag in a shuide in-aice na teine. Téir sios 'san seomra agus tabhair bluire aráín dos na páistí dubhairt an fear. Daithin sí ná raibh aon arán ins an tseomra. Cuaidh sí sios ag deanamh sásaimhm ar an bhfear agus ar na páistí. Núair osgail sí doras an tseomra bhí sé lán de arán agus plúir agus min agus bainne. Nuair a tháinig sí amach bí an fear beag imthighthe. Ba dhoigh léithe gur seirbheach o Dhia a bhí ann. Bhí a dhóthain le nithe annsan aiche féin agus na páístí agus fad a mhair sí. Bhí bean an pradastuin ag dul i mbochtanach. Tá cabhair Dé ar an mbothar igcomhnuidhe.
- Bailitheoir
- Máirtín Ó Seasnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mairead Ní Charraig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Forúir, Co. an Chláir