Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)
- Suíomh:
- Forúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí cailín i bparóiste Cille Mhichil úair.”
Bhí cailín i bparóiste Cille Mhichil úair. Pós sí fear. Ní raibh aon spannc sa bhfear. Níorbh fhéidir aon spórt a baint as. Bailigh na buacaillí timceall air i diarraidh spóírt a bhaint as ach níór feadadhar cainnt ná spórt a baint as ach é caithte istig sa cúinne agus a ceann cromtha fé. Bailig beirt nó triúr garsúin timceall air lá. Rugadar ar coileach agus do bhearr síad gach aon ribhe clúmh a bhí air agus scaoileadar an coileach isteach san úrlár cuighe. Níor leigh sé air féin go bhfeacha sé íad cor ar bith. Cuaidh a bhean agus a mháthair dtí an baile mór lo. Cé casadh leotha ach máthair an fhir. "Cén sórt fear é súid a thug tú dhuinn" arsa máthair na mná óíge. Buachaill breágh machánta mhuis" ars an bhean eile - cen cúis ar cuiris an ceist orm. Dinnis an bean eile connus a bhí an sgeal 'ge bhaile. "Cár thug tú an leite (Stirabout) dhó" ars a mháthair. "Ins an mías leaghaithe ar an mbórd.
"Cad eile" ars an bean eile. "Ó Cím" ar sise. "Nuair raghaidh tú abhaile anois" ar sise, "dein corcán Stirabout, leag idir a dhá chois é, annsan a bhí taitighe aige é fháhail. Cuaidh sí abhaile agus dein sí mar adubhairt an bhean eile. Nuair a fhuair an leaidh an corcán idir a dhá chois do ghread sé a bhaise "Muise nár shuairc an coileach a tháinig isteach an lá ud," ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Seasnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bean Mhic Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Buaile na Maol, Co. an Chláir