Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)

Suíomh:
Forúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 336

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0606, Leathanach 336

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Leathanach 336
  3. XML “Paidir na Scaball”
  4. XML “Paidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Go mbeannuighthear Dia dhíbh a lucht na Sgaball
    Ná leig sibh fuilighthear inbúr gcás
    Is mairg a bhíonn gan cara Muire
    'Na luighe go lag ar leabhaidh an bháis
    A Pheachaidhe bocht gan ciall
    Ná dein bréag le Muire
    Umluigh sios don cré agus do na seacht éaltacha Muire
    Geobhaidh tú bronntanacht ó Mhach Dé
    Is beidh tú chómh saor leis na leinbh
    Áine máthair Mhuire
    Muire máthair Críost
    Eilis máthair Éoin Baiste
    An crann ar ceasadh Criost
    Idir mé agus trom luighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Go mbeannuighthear dhuith lucht na scabular, Ná deinghidh faillighe ar an gCaisg, Ná ithidh feoil Dia Ceadaoin, Ná cuimhnighidh ar bhúr dtuirse. Deirigh Muire 's a Mach amach, do chuir sé dheis ar a brat, brat na ceithre crois, brat na ceithre crann, brat a bháisteadh agus arughadh Críost ann. Ceithre articles a' bhais, ceithre mhich is agat a fhás. Aoinne a beadh mo paidir aige agus é a rád gach aon luan, geobhaidh sé flaithis Dé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Seasnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mairéad Bean Uí Thuathail
    Inscne
    Baineann
    Aois
    85
    Seoladh
    Forúir, Co. an Chláir