School: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (roll number 14107)
- Location:
- Baile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Ó Luineacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- In aice Cill Ughradh, Cill an Mhuilinn deirtear go mbíodh ana chuid sprideanna ann. Dá mbeitheá ag gábhail thar an áit sin tímcheall a dó dhéág san oídhche do thiocfadh cailín amach trid an geata mór i gCill Ughradh agus brat dearg uirthi. Do bhí beirt ag teacht abhaile oídhche áirithe agus bhí carr agus rannach acu. Nuair a shroiseadar an geata san do chonnacdar an cailín agus an brat dearg uirthi.
Ar an dtoirt do léim an bheirt amach as an gcarr agus do casadh an cearr agus an rannach bun ós cionn. D'imthigh an bheirt agus d'fágadar an cearr in a ndiaidh leis an scannradh a bhí ortha. Tháinig duine acu tar n-ais lar na bháireach agus bhí an rannach ceangailte leis an ngeata agus é gléasta fé an gcearr.