School: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (roll number 14107)
- Location:
- Castletownroche, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Luineacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i gCiarraidhe in aimsir Eóghain Ruaidh. Spriúnlóir críochnuighthe do b'eadh é, agus do pósadh é le mnaoi caoin cneasta. Níor réidhtigeadar le chéile in aon chor, mar 'sé rud a déarfadh an fear i gcómhnuidhe ná go raibh sí ag ithe an iomarea. Uaireanta do bhuaileadh sé í le bata trom, agus i ndeire na dála d'imthigh sí ar Shlighe na Fírinne, mar bhí a croidhe briste.
Do pósadh an ath-uair é agus do b'é an sgeal ceudna é. Níor mhair sí ró fhada mar bhíodh sé i gcomnuidhe ag aighneas agus ag aragóint.
Nuair a bhí sé le pósadh an thríomhadh uair dubhairt an sagart paróiste leis go gcaithfeadh sé teistiméaracht d'fághail ó athracha na mban sar a dtabharfadh sé aon bhean eile dó.
Bhí fhios ag an spriúnlóir cad do bhí in ann dó ní raibh aon deagh fhocal ag na fearaibh dó, agus bhí sé i gcruadh cás. Ní raibh fhios aige cad ba cheart dó a dhéanamh. Lá amháin do bhuail Eóghan Ruadh leis. Do nocht sé an sgéal dó. Arsa Eoghan leis:- "Scríobhfad-sa an teistiméaracht duit ar aon chiongíoll amháin." "Cad é féin" arsa Risteárd, an fear. "Mhuise ní mór é an coingeall - piúnt uisce beatha a thabhairt dom." Níor thaithn san leis an spriúnlóir, agus dubhairt sé na féadfadh sé é. Ní dubhairt Eoghan Ruadh 'seadh na ní h-eadh(continues on next page)